Bhí Rang a Sé an-ghnóthach i rith an tseachtain seo chaite! Lá na bPancóg a bhí ann ar an Mháirt agus rinne Rang a Sé pancóga sa seomra ranga!

Fuair Rang a Sé na comhábhair go léir agus scríobh gach duine oideas chun pancóga deasa, milis a ullmhú. Ansin, chuir na páistí gach rud le chéile i mbabhla mór chun meascán a dhéanamh. D’fhág siad an meascán sa chuisneoir agus níos déanaí, thosaigh na páistí ag cócaireacht! Chuir siad im agus an meascán isteach sa fhriochtán te. Bhí siad go léir ag flipeáil na pancóga! Go hámharach, níor thit aon phancóg ar an urlár… phew!

Nuair a bhí na pancóga réidh, chuir na páistí rudaí blasta orthu, mar shampla, milseáin, siúcra, seacláid, síoróip, sútha talún, banana agus sú líomóide.

Nuair a bhí na páistí ag cócaireacht, rinne siad clár cócaireachta ‘Bia Linn sa Bhialann’. Féach ar an gclár anseo!

Bhí an-spraoi againn i rith Lá na bPancóga agus d’itheamar go léir pancóga blasta agus milis.

 

Seo gailearaí griangraf!