Bhí an chraic againn ar scoil i rith Seachtain na Gaeilge.
Bhí seó tallainne againn ar an gCéadaoin. Bhí daoine ag canadh, ag damhsa agus ag seinm ceoil.
Bhí Cluiche Ciaróg ag Rang 1 & Rang 2 agus bhí an spraoi acu go léir.
Ar an Déardaoin bhí tráth na gceist ag Rang 3-6. Bhí na ceisteanna deacair go leor ach bhain gach duine taitneamh as!
Chríochnaigh an tseachtain le céilí ar an Aoine. Tháinig ár gcomharsana ó St. Michael’s House ar cuairt agus bhí an chraic ag gach duine.
Go raibh maith agat Ms. Stafford as gach rud a shochraigh tú dúinn!!
Féach ar ár scannán anseo: https://youtu.be/CO6wMrWlT5s