Bhí an chraic againn ar scoil inniu. Thosaíomar le tionól agus bhí ceol iontach againn. Chan Rang 2&3 ‘An t-Amhrán Cupán’, sheinn Conor B.G. an feadóg stáin, chan Rang 3&4 ‘Ag Smaoineamh os Ard’ l’Ed Sheeran agus bhí dán ag Rang 5&6 dúinn. Bhí drumadóir iontach againn, Revd. Norman, agus sheinn Conor C. an ukulele.

Ag deireadh an lae bhí céilí sa chlós do na ranganna sóisearacha agus céilí sa halla do na ranganna sinsearacha. Bhí an spraoi againn. Bualadh bos mór do gach duine!