Bhí an chraic againn i rith Seachtain na Gaeilge. Gach maidin ag an tionól i rith na seachtaine bhí buanna iontacha le feiceáil. Bhí daoine ag damhsa, ag canadh, ag imirt peile, ag iománaíocht, ag seinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an gcláirseach. Bhí cluiche cìaróg ag Rang 1 & 2 agus tráth na gceist ag Rang 3-6.

Chríochnaigh an seachtain leis an gcéilí mór ar an Aoine. Tháinig ár gcomharsana ó St. Michael’s House agus an Raheny Community Nursing Unit ar cuairt agus bhaineamar go léir an taitneamh as.